Bainisteoir an Tuairiscithe Inbhuanaitheachta / Sustainability Reporting Manager (E2025203)
Bainisteoir an Tuairiscithe Inbhuanaitheachta
Tá ról faoi leith ag Grúpa EirGrid sa chlaochlú radacach ar ár gcóras cumhachta mar chuid den aistriú chuig an bhfuinneamh in-athnuaite. Teastóidh iarrachtaí ceannródaíochta innealtóireachta chun é seo a bhaint amach, agus acmhainn mhéadaithe TF chun freagairt go héifeachtach do scála an bhunathraithe seo. Fágann sé seo go bhfuil deis iontach ann do ghairm TF a fhorbairt agus ról tábhachtach a imirt i gclaochlú TF Ghrúpa EirGrid.
Is gnó muid a chuireann an bhéim ar chúrsaí TF, agus cuireann muid córais speisialaithe den chéad scoth, atá riachtanach dár ngnó, ar fáil 24/7. Agus muid ag bogadh i dtreo an fhuinnimh ísealcharbóin amach anseo, tá deis anseo do’anailísí gnó an-tionchar a imirt mar chuid dár bhfoireann Phortfóilió agus Rannpháirtíochta TF.
An Fhoireann
Is é an misean atá ag Príomh-Oifig na Seirbhísí Corparáideacha laistigh den Ghrúpa ná a chinntiú go gcoinnítear barr feabhais ar na caighdeáin is airde maidir le straitéis, inbhuanaitheacht, caidreamh poiblí agus gníomhaíochtaí agus tionscnaimh slándála fiontair de chuid an Ghrúpa.
An Deis
Chun na hiarrachtaí sin i dtreo barr feabhais a stiúradh i ndlúthchomhar leis an gCeann Straitéise agus Beartais, déanfaidh Bainisteoir an Tuairiscithe Inbhuanaitheachta bainistiú agus maoirseacht ar fhorbairt agus cur i ngníomh na straitéise inbhuanaitheachta lena hailíniú le straitéis fhoriomlán an Ghrúpa.
Spreagfaidh sealbhóir an phoist barr feabhais i leith monatóireacht agus tuairisciú ar fheidhmíocht inbhuanaitheachta chun dúshlán a chur roimh an gcuideachta; lena chinntiú gurb iomchuí, fiúntach agus intomhaiste na spriocanna arna moladh aici; agus lena chinntiú go mbeidh a cheanglais faisnéisithe seachtraí á sásamh ag an nGrúpa.
Beidh sealbhóir an phoist ag comhoibriú le páirtithe inmheánacha agus seachtracha araon agus ag stiúradh foirne trasfheidhmiúla. Ní mór dearcadh torthaídhírithe agus scileanna láidre ceannasaíochta, tionchair agus cumarsáide a bheith ag sealbhóir an phoist.
Príomhfhreagrachtaí
- Bheith i gceannas ar fhorbairt, cur i bhfeidhm agus feabhsú leanúnach na bpróiseas monatóireachta agus tuairiscithe maidir le hinbhuanaitheacht agus critéir chomhshaoil, shóisialta agus rialachais (ESG) ar fud na cuideachta.
- Tiomsú thuarascálacha agus fhaisnéisithe bliantúla inbhuanaitheachta agus ESG an Ghrúpa, mar aon le cumarsáid tacaíochta, a stiúradh agus a bhainistiú chun cáipéisíocht chruinn dhaingean a sholáthar go tráthúil.
- Tacú le dearbhú faisnéisithe comhshaoil i gcomhar le rannóg na hIniúchóireachta Inmheánaí agus iniúchóirí tríú páirtí.
- Tacú le forbairt agus cur i ngníomh Straitéis Inbhuanaitheachta an Ghrúpa (atá dírithe ar ghnéithe ESG), mar aon lena spriocanna bainteacha, i gcomhréir le rialacháin agus cuspóirí atá ann faoi láthair agus atá le teacht.
- Athbhreithniú a dhéanamh agus comhairle a thabhairt maidir le tionscnaimh arna moladh ag an gcuideachta lena chinntiú go mbeidh siad ag teacht le ceanglais faisnéisithe an Ghrúpa.
- Inbhuanaitheacht a leabú isteach sa chinnteoireacht ar fud na heagraíochta.
- Cinntiú go dtarraingeofar aird an lucht bainistíochta agus na bhfoirne feidhmiúcháin ar cheisteanna straitéiseacha agus gnó mar is ceart.
- Tuairisciú inbhuanaitheachta ina bhfuil barr feabhais a sholáthar do pháirtithe leasmhara inmheánacha, lena n-áirítear Bord EirGrid cpt, agus go seachtrach, de réir mar is gá.
- Ionadaíocht a dhéanamh don Ghrúpa go seachtrach, de réir mar is gá, ag comhdhálacha agus fóraim.
Eolas, scileanna agus taithí bhunriachtanach- Céim nó cáilíocht ghairmiúil i ndisciplín ábhartha.
- Bheadh taithí ar bheith ag obair in earnáil an leictreachais agus/nó i dtimpeallacht rialáilte ina chabhair, ach níl gá léi.
- Eolas maidir le prionsabail ESG a chur i bhfeidhm laistigh d’eagraíocht, eolas maidir le straitéis ESG a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus taithí ar chórais a fhorbairt chun ceanglais faisnéisithe seachtraí ESG a chomhlíonadh.
- Taithí ar fhaisnéisithe agus tuairisciú inbhuanaitheachta agus cumarsáid tacaíochta. Cur amach ar cheanglais, creatlacha agus dea-chleachtas atá ag teacht chun cinn maidir le faisnéisiú inbhuanaitheachta.
- Cumas chun feidhmiú laistigh de réimse díreach an tsaineolais, go háirithe i ndáil le dul i mbun plé le speisialtóirí teicniúla chun faisnéis ábhartha a bhailiú.
- Eolas agus taithí ar bheith ag comhoibriú le feidhmeanna inmheánacha, lena n-áirítear rannóga airgeadais agus ciste, chun tacú le ceanglais faisnéisithe i leith táirgí airgeadais a bhfuil baint acu le hinbhuanaitheacht.
- Bheith mar smaointeoir straitéiseach oibríochtúil atá ábalta réitigh oibríochtúla a chur i bhfeidhm i dtimpeallacht thrasfheidhmiúil.
- Cumas chun creidiúnacht agus caidreamh láidir le páirtithe leasmhara a chothú i dtimpeallacht thrasfheidhmiúil, mar aon le cumas chun tionchar a imirt ar dhaoine agus chun iad a chur i mbun dúshlán fiúntach.
Má chreideann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí atá ábhartha don phost seo agat, uaslódáil do CV agus litir chumhdaigh (sa cháipéis chéanna).
Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas ná an 6 Meitheamh 2025.
Is fostóir comhdheiseanna é EirGrid.Sustainability Reporting ManagerBackgroundWe are the people behind Ireland’s electricity grid. We operate the power system with world leading levels of variable asynchronous renewable generation, ensuring that everyone has power when they need it. But that’s not all, we are now transforming the power system for future generations.
And that’s just the beginning of our story. We have a critical purpose. That purpose is to transform the power system to enable our society to reduce our carbon emissions and meet our climate change and net zero ambitions.
Be part of the transformation!
The TeamThe Chief Corporate Services Office within the Group has a mission of ensuring that the highest standards of excellence are maintained in the delivery of group strategy, sustainability, public relations and Enterprise Security activities and initiatives.
The Opportunity
The role of Sustainability Reporting Manager will lead this drive for excellence managing and overseeing the development and execution of the sustainability strategy working closely with the Head of Strategy and Policy to align with the overall Group Strategy.
The role holder will drive excellence in sustainability performance monitoring and reporting providing challenge to the business and ensuring targets proposed by the business are appropriate, meaningful, measurable and stretching and ensuring the Group satisfies its external disclosure requirements.
The role holder will collaborate with both internal and external stakeholders and lead cross-functional teams. The role holder will be results oriented with strong people leadership, influencing and communication skills.
Key Responsibilities- Lead the development, implementation and continuous improvement of Sustainability and ESG monitoring and reporting processes throughout the business
- Lead and manage the production of the Group’s annual Sustainability and ESG reports and disclosures delivering accurate, robust, timely reports including supporting narratives
- Support environmental disclosure assurance in collaboration with Internal Audit and third party auditors
- Support the development, and execution, of the Group’s Sustainability Strategy ( focused on Environmental, Social and Governance (ESG) elements) and associated targets with reference to current and upcoming regulations and goals
- Reviewing and advising on initiatives proposed by the business to ensure alignment with the Group’s disclosure requirements.
- Embed sustainability into decision making throughout the organisation
- Ensure strategic and business issues are highlighted appropriately to management and Executive leadership teams
- Delivering excellence in Sustainability reporting to internal stakeholders including the EirGrid plc Board, and externally as required.
- Represent the Group externally as required at conferences and external fora.
Critical knowledge, skills and experience:- Qualified to degree level or professional qualification in a relevant discipline
- Prior experience working in the electricity sector and/or a regulated environment is helpful, but not essential
- Knowledge of the implementation of ESG principles within an organisation, development of and implementation of ESG strategy and experience of developing systems to meet external ESG disclosure requirements
- Experience in sustainability disclosures, reporting and supporting communications. Familiarity with emerging sustainability disclosure requirements, frameworks and best practices.
- Ability to operate outside of direct expertise, in particular engaging with technical specialists, to gather relevant information.
- Knowledge and experience of collaboration with internal functions including Finance and Treasury on supporting disclosure requirements for sustainability linked finance products
- Strategic and operational thinker with the ability to implement operational solutions in a cross functional environment
- Ability to build credibility and strong relationships with stakeholders in a cross functional environment with ability to influence and engage in constructive challenge
If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter (in one document).
Closing date for applications is the 6th June 2025
EirGrid is an Equal Opportunities Employer