Enable job alerts via email!

Anailísí Rialála/ Regulatory Analyst

Wincanton plc

Leinster

On-site

EUR 45,000 - 55,000

Full time

30+ days ago

Generate a tailored resume in minutes

Land an interview and earn more. Learn more

Start fresh or import an existing resume

Job summary

Cuideachta EirGrid atá ar fáil, ag lorg Anailísí Rialála. Beidh tú mar chuid d'fhoireann ildisciplíneach chun tacú le straitéis an ghrúpa maidir le rialuithe agus comhlíonadh. Tá an ról ríthábhachtach chun cabhrú leis an gcóras cumhachta a athrú do na glúnta atá romhainn.

Benefits

Tacú le hoibrithe agus cultúr tacúil.

Qualifications

  • 3 bliana taithí i bpost den chineál céanna i dtimpeallacht ildisciplíneach.
  • Cumas doiciméad a dhréachtú ar bhealach soiléir.
  • Sárchumais anailísíochta cáilíochtúla agus cainníochtúla.

Responsibilities

  • Custaimiú tuairiscí rialála inmheánacha agus seachtracha.
  • Bainistiú an chlár rialála ag an gcuideachta.
  • Oibrigh le húdaráis rialála ar chomhlíonadh rialála.

Skills

Anailísíocht cáilíochtúil
Anailísíocht cainníochtúil
Cumas bitheolaíocht a dhearbhú
Cumas uainiú

Education

Céim sa ghnó nó san innealtóireacht

Job description

Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann, agus tá Straitéis uaillmhianach Gnó forbartha againn chun freagairt do na hathruithe agus do na deiseanna atá ag teacht chun cinn anois níos mó ná riamh i dtionscadal an fhuinnimh. Is é an cuspóir atá againn an Córas Cumhachta a Chlaochlú do na Glúnta atá le Teacht agus tá sé mar phríomhsprioc againn a bheith inár gceannródaithe in Earnáil Leictreachais an Oileáin maidir le hInbhuanaitheacht agus Dícharbónú.

Cuir fuinneamh isteach i do ghairm agus bí linn ar ár n-aistear chun córas cumhachta na hÉireann a chlaochlú do na glúnta atá amach romhainn.

An Fhoireann

Tá Foireann Rialála an Ghrúpa freagrach as cur chuige straitéiseach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i leith ábhair rialála a bhíonn ag teacht le huaillmhianta an Ghrúpa. Tá ról lárnach ag Foireann Rialála an Ghrúpa maidir le tacú le Straitéis Chorparáideach Ghrúpa EirGrid a fheidhmiú in Éirinn agus i dtírdhreach athraitheach fuinnimh na hEorpa, ar ina measc sin atá an t-aistriú fuinnimh, forbairt amach ón gcósta agus ábhair Eorpacha amhail idirnasc sa todhchaí. Áirítear leis an méid sin an caidreamh rialála a bhainistiú agus a fhorbairt; socruithe rialála, creatlacha ioncaim agus rialuithe praghsanna a fhorbairt; beartas rialála an Ghrúpa a chruthú; an próiseas luchtaithe custaiméara a bhainistiú chun páirtithe a cheangal in Éirinn; agus maoirseacht a dhéanamh maidir le comhlíonadh rialála agus gach cead agus gach toiliú ceadúnaithe agus rialála.

An Deis

Tá Anailísí Rialála á lorg againn chun teacht isteach i bhFoireann Rialála ár nGrúpa. Cuireann an ról deis ar fáil chun oibriú, ar fud chuideachta EirGrid, laistigh d’fhoireann ardphróifíle ildisciplíneach in éineacht le saineolaithe san ábhar agus sa tionscal. Beidh tú i gceannas ar roinnt tuarascálacha rialála agus ceanglais comhlíonta rialála eile de chuid EirGrid a sholáthar lena chinntiú go sásófar ceanglais chomhlíonta EirGrid, agus tú ag plé le páirtithe inmheánacha agus na húdaráis rialála, de réir mar is gá. Sa ról beidh tú ag obair ar ghníomhaíochtaí rialála eile laistigh d’Fhoireann Rialála an Ghrúpa freisin, de réir mar is gá. Beidh obair shealbhóir an phoist tábhachtach chun cabhrú le straitéis EirGrid um chlaochlú an chórais cumhachta a chur i ngníomh.


Príomhfhreagrachtaí

  • Tabharfaidh tú cúnamh i dtaca le feidhm rialála EirGrid a chomhlíonadh, lena n-áireofar tuairisciú rialála (inmheánach agus seachtrach), comhairliúchán poiblí a reáchtáil agus moltaí a ullmhú le haghaidh fhaomhadh na n-údarás rialála.
  • Tacóidh tú le clár rialála na cuideachta a bhainistiú, lena n-áireofar ceanglais leanúnacha tuairiscithe maidir le hathbhreithnithe praghsanna a chomhordú.
  • Tabharfaidh tú cúnamh i dtaca le tiomsú cheanglais na cuideachta i leith táirgí insoláthartha rialála agus comhlíonadh rialála.
  • Beidh tú mar phointe teagmhála, leis na húdaráis rialála, le haghaidh táirgí insoláthartha rialála sonracha.
  • Tacóidh tú le soláthar comhairleoirí seachtracha, de réir mar is gá, chun ceanglais comhlíonta rialála a shásamh.
  • Tacóidh tú le Ceann Rialála agus ceannasaithe foirne an Ghrúpa i ndáil le tionscadail rialála straitéiseacha.
  • Comhlíonfaidh tú feidhmeanna eile, ó am go chéile de réir mar is gá, chun tacú le cur i ngníomh straitéis rialála EirGrid.

Eolas, Scileanna agus Taithí
  • Céim nó cáilíocht aitheanta eile sa ghnó, san innealtóireacht nó i ndisciplín a bhfuil dlúthghaol aige leo sin.
  • Taithí 3 bliana ar a laghad i bpost den chineál céanna i dtimpeallacht ildisciplíneach.
  • Cumas chun cáipéisíocht a dhréachtú agus a chur i láthair ar bhealach loighciúil, fianaisebhunaithe, soiléir agus gonta.
  • Ardleibhéal mionchruinnis agus bród as an obair féin.
  • Cumas chun oibriú mar chuid d’fhoireann agus chun obair a shainmhíniú agus a threorú, gan gá le mórán maoirseachta.
  • Fianaise ar chur chuige oibre solúbtha ina bhfuil cumas chun raon leathan éileamh agus gníomhaíochtaí a stiúradh agus a chur in ord tosaíochta, agus dearcadh dearfach gairmiúil á choimeád.
  • Sárchumais anailísíochta cáilíochtúla agus cainníochtúla mar aon leis an gcumas chun breithiúnais stuama a thabhairt de réir na faisnéise atá ar fáil.
  • Is inmhianaithe taithí ar bheith ag cur comhairle ar rialtóir nó eagraíocht in earnáil ar leith agus/nó ag obair i dtimpeallacht a bhaineann le tionscal an fhuinnimh.


We are the people behind Ireland’s electricity grid, and we have developed an ambitious Business Strategy to respond to the unprecedented level of change and opportunity in the energy industry. Our Purpose is to Transform the Power System for Future Generations and our primary goal is to Lead the Island’s Electricity Sector on Sustainability and Decarbonisation.

Power up your career. Join us on our journey of transforming Ireland’s power system for future generations.

The Team

The Group Regulation Team is responsible for developing and implementing a strategic approach to regulatory matters which align with the ambitions of the Group. The Group Regulation Team has a pivotal role to play in supporting the delivery of EirGrid Group’s Corporate Strategy in Ireland and in the evolving European energy landscape, including the energy transition, offshore development and European matters including future interconnection. This includes management and development of regulatory relationships, development of regulatory arrangements, revenue frameworks and price controls, formulation of Group Regulation Policy, management of the Customer Charging process for connecting parties in Ireland and oversight of regulatory compliance and all relevant licensing, regulatory authorisations and consents.


Job Purpose

We are seeking a Regulatory Analyst to join our Group Regulation team. The role provides an opportunity to work within a high profile multi-disciplinary team alongside experienced subject matter and industry experts, across the EirGrid business. You will lead on the delivery of a number of EirGrid’s regulatory reports and other regulatory compliance requirements, ensuring that EirGrid’s compliance requirements are met, liaising with internal stakeholders and the Regulatory Authorities as required. The role will see you work on other regulatory-related activities within the Group Regulation team as required. The work undertaken by the role holder will be important in helping deliver EirGrid’s strategy to transform the power system.

Key Responsibilities
  • Assist in carrying out EirGrid’s regulation function that includes regulatory reporting (internal and external), running public consultations and preparing recommendations for Regulatory Authority approval.
  • Support the management of the business’ regulatory programme including co-ordination of Price Review ongoing reporting requirements.
  • Assist in the compilation of the business’ regulatory deliverables and compliance requirements.
  • Act as point of contact for specific regulatory deliverables with the Regulatory Authorities.
  • Support the Procurement of external consultants, as required, to support delivery of regulatory compliance requirements.
  • Support the Group Head of Regulation and Team Leads in relation to strategic regulatory projects.
  • Carrying out such other functions as may be required from time to time to support delivery of EirGrid’s regulatory strategy.

Knowledge, Skills and Experience
  • Degree or other recognised qualification in business, engineering or a closely related discipline.
  • Minimum of 3 years’ experience in a similar role, in a multidisciplinary environment.
  • Ability to draft and present documentation in a rational, evidence-based, clear, and concise manner.
  • High level of attention to detail and pride in one’s own work.
  • Ability to work as part of a team, while also being able to define and guide work under minimal supervision.
  • Demonstrated flexible working approach with ability to lead and prioritise a wide range of demands and activities whilst maintaining a professional and positive focus.
  • Excellent qualitative and quantitative analytical abilities coupled with the ability to make reasoned judgements based on available information.
  • Experience of advising a sector-specific regulator or governmental organisation, and/or of working in an energy environment is desirable.

Spriocdháta le haghaidh iarratas/ Closing date for applications
06/06/2025 In EirGrid táimid tiomanta don éagsúlacht agus don ionchuimsiú. Aithnímid go n-eascraíonn neart as éagsúlacht na foirne agus gur tábhachtach cultúr tacúil chun gur féidir le gach duine dár gcuid barr a gcumais a bhaint amach. Tá ár líonraí éagsúlachta agus ionchuimsithe ceaptha chun cultúr ionchuimsitheach a chruthú, a spreagann muintearas i measc ár mbaill foirne agus iad ag an obair.

Mar fhostóir comhdheiseanna, cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine as gach cúlra. Soláthraítear córaíocht réasúnta ag gach céim dár bpróiseas earcaíochta.

We're dedicated to diversity and inclusion at Eirgrid. We recognise the strength that comes from having a diverse workforce and the importance of a supportive culture for all our people to achieve their potential. Our diversity and inclusion networks have been designed to create an inclusive culture that enables our people to feel a sense of belonging at work.

As an equal opportunities’ employer, we welcome applications from people of all backgrounds. Reasonable accommodations are offered at every stage of our recruitment process.

Get your free, confidential resume review.
or drag and drop a PDF, DOC, DOCX, ODT, or PAGES file up to 5MB.